Eolas

Scéim Bhlagála Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Scéim Bhlagála faoin litríocht do dhaltaí meánscoile sa Ghaeltacht is ea Leabhartha Léite. Bíonn na daltaí go léir ag léamh an leabhair chéanna agus á phlé ar an mblag. Spreagann an scéim suim na ndaltaí sa litríocht agus i léitheoireacht na Gaeilge, agus cabhraíonn sé leo a scileanna sa teanga a fhorbairt agus iad á gcur féin i n-iúil.

An Cúlra

D’eascair an Bhlagáil ó scéim de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne i bPobalscoil Chorca Dhuibhne (An Daingean), Scéim na Scríbhneoireachta. Sí an file Bríd Ní Mhoráin a stiúraíonn an scéim sin, atá maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta – comhfhiontar idir Udarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon. Riarann Oidhreacht Chorca Dhuibhne an scéim i gcomhar le múinteoirí Gaeilge na Pobalscoile. Matt Mac Cárthaigh, ón gcomhlacht Fios Feasa, agus Pádraig Ó Dubhaigh ón bPobalscoil, atá i mbun na teicneolaíochta. Mar aitheantas do Thogra na Blagála, bronnadh Séala Eorpach Teanga ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag ócáid i mBaile Átha Cliath, ar an 5 Deireadh Fómhair.

Forbairt

Tá forbairt nua i ndán don togra i mbliana trína bhfuil tacaíocht faighte ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) leis an togra a leathnú go ceantracha Gaeltachta eile, san iarthar agus ó thuaidh. Le tacaíocht ó Phléaráca Chonamara beidh scoláirí ó Choláiste Cholmcille (Indreabhán) agus Coláiste Ghobnait (Inis Oírr) rannpháirteach an turas seo. I dTír Chonaill beidh scoláirí ó Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola, agus Pobalscoil Cholmcille (Oileán Thoraí) ann chomh maith.

Cur Chuige

Beidh an scéim dírithe ar lucht na hidirbhliana don tréimhse seo. Treoróidh na múinteoirí agus Áisitheoirí Litríochta (Bríd Ní Mhóráin & Ailbhe Ní Ghairbhuigh) na daltaí i mbun léitheoireachta. Is é an leabhar Dordán, le hEilís Ní Dhuibhne, atá roghnaithe mar théacs. Siad na dátaí atá i gceist le go mbeidh an Blag beo ná 19 Samhain go 21ú Nollaig. Beidh deis ag na daltaí a bheith i mbun blagála lasmuigh d’uaireanta scoile más mian leo. Trín mblagáil, beidh deis ag na daltaí a gcuid tuairimí féin a chur in iúl faoin leabhar, is cuma na tuairimí sin a bheith dearfach nó diúltach. ‘Sé an idirphlé idir dhaltaí faoin ábhar litríochta, príomhaidhm an togra.


 

 

18 thoughts on “Eolas

  1. Tosnaigh mé an leabhair an tseachtain seo chaite, tá an leabhair ag dul i bhfeabhas le gach caibidil. Is leabhair an-suimiúil é, coiméadann sé tú ag imeall do cathaoir.

  2. Ceapaimse go bhfuil an leabhar seo an fhailt níos mó suimúil i gach caibidil . Taitnionn an leabhar liom go mór, ach tá an gailge píosa deachar le thuiscint.

Leave a Reply